Tugaigí Eiceathuras oraibh - tré Úracht na hÉireann

  • Tugaigí Eiceathuras oraibh - tré Úracht na hÉireann

    Forbhreathnú

    Le linn do Thurasóirí bheith ar ár nEiceathuras, i Muigheo thiar-thuaidh, ‘tchífidh siad tír ina bhfuil dúlra gan smál. An rud is tábhachtaí de, fáilteochaidh caomhnóirí na timcheallachta agus an chultúir náistiúnta rompu. San am ‘schuaigh thart, bhí dlúth-nascanna eadar Franncaigh, Gearmánaigh agus Gaeil, le feiceáil go speisialta ar Fhíseáin Uimh 3 is 4.

    Maíonn na Teaghlaigh Ghaelacha as cultúr 3,000 mhíle bliadhain d’aois (tá físeáin mar gheall ar seo le feiscint ón suíomh), a shíneas siar na cianta, gan bhriseadh, go dtí an Oighearaois deireannach.  ‘Sí croidhe an Eiceathurais an cultúr Gaelach a bhlaiseadh.Tá tírdreach gan mhilleadh le feiscint ag Turasóirí annseo. Siúlóchaidh siad, mar a rinne ár muinntir romhainn, ina ngnáthóig nádúrtha.  Feicfidh siad rianta a d’fhág an cine daonna ina dhéidh ó aon, dhá, cúig mhíle bliadhain ó shoin. Cuirfidh siad fútha i dtithe dhaoine Ceilteacha a mba mhian leobhtha go dtiocfaidís go hÉirinn.

    Tré theacht chugainn, bainfidh siad taitneamh as saoire den scoth. Tá súil againn go mba mhaith leo go mba mhór ag a gcuid pháisti tuath áilinn a fheiceáil, i gcónaí sa riocht céanna.

    Gnéithe ar Leith den Eiceathuras                 

    Labhróchaidh Treoraithe Fraincis nó Gearmáinis, le Turasóirí a chur ar a suaimhneas, agus le béim a chur ar a gcuid nascanna cultúrtha le daoine Gaelacha, mar atá mínithe in aiteachaibh eile den t-suíomh (m.sh. na físeáin atá le feiscint ón suíomh).

    Beagnach cosúil le taisteal ar ais san am, cloisfidh Turasóirí an teanga Ghaelach (.i. teanga Cheilteach) sna teaghlaigh a bhfanfaidh siad iontu.  ‘Sí an Ghaedhealg an teanga is giorra di san a cualathas, in anallód, sa Ghaill agus i Germania.

    Cuirfidh Mná Tí lóistín ar fáil ina dteach féin, ina labhraítear an Ghaedhealg mar ghnáth-theanga cumarsáide sa chlainn, idir óg is aosta.  D’éis an Eiceathurais, beidh Ceistiúchán le líonadh isteach ag Turasóirí ar an ngéith seo de rudaí, lena gcuid tuairimí a fháil.

    Níl sé ceadaithe do dhaoine dul ag taiscéaladh ina n-aonar, i gceanntair iargúlta nach mbeadh taithí ar an tír-raon acu.  Beidh go leor le déanamh acu, ámh.  Reachtáiltear Eiceathuras ár gCuideachtan – atá fá chúram Oibrithe Deonacha - faoi chonradh le Comhpháirtithe Straitéiseacha.  Clúdaíonn ár gcuid spriocanna aidhmeanna a leanas:

       i) aththógáil, ag leibhéal an ghnáth-dhuine, nascanna idir Éire Ghaelach, an Frainnc agus an Ghearmáin, briste ar faidh ró-fhada;

       ii) eolas a fhógairt, maidir leis an timcheallacht (tá ár n-eiceatheachtaireacht ar an suíomh);

       iii) béim a leagadh ar luach, ar áilleacht na gcultúr Éireannach, Franncach agus Gearmánach; agus

       iv) an saoire is fearr riamh a chinntiú do Chliaint ár gComhpháirtithe Straitéiseacha.

    Sainmhínithe i gceart, caithfidh Eiceathurasóireacht dul i gcabhair ar chomhluadar atá i mbaol.  ‘Sin an bhail atá ar chomluadair Ghaelacha – atá i mbaol a bheith cloíte ag brúanna an lae indiu.  Ba bhun-chultúr san Eorap é, an cultúr Ceilteach, tráth dá raibh.  Réamh-mheastar nach mairfidh ach cúig theanga, ar deireadh, ar an domhan mór.

    Léarscáil


    View Larger Map

    Plean Turais


    Lá 1:
    col1
    - Baile Átha Cliath
    - Ceathrú Thaidhg
    Lá 2:
    col2
    - Áras Inis Cua
    - Cill Lasrach
    - Fáiltiú stairiúil
    Lá 3:
    col3
    - Páirc Náisiúnta Bhaile Cruach
    - Cruach Phádraig
    - Oileán Chliara 
    Lá 4:
    col4
    - Oileán Acla
    - Heinrich Böll
    Lá 5:
    col5
    - Achadh Chéide
    - Mainistir na Maighdine
    - Dún Pádraig
    - Nósanna Gaelacha
    Lá 6:
    col6
    - Stáisiún Traenach Choillte Mach

    Gailearaí

    Lá 1 - Teacht go Baile Átha Cliath: Ceathrú Thaidhg

    Lá 2 -Áras Inis Cua: Cill Lasrach: Fáiltiú stairiúil ó Ghaeilibh
    Lá 3 -irc Náisiúnta Bhaile Cruaigh: Cruach Phádraig: Oileán Chliara - Caisleán na Banríona, Gráinne Uí Mháille
    Lá 4 -Oileán Acla
    Lá 5 -Sibhialtacht ársa: Seanmhainisir i bhFothrachaibh: Dún Pádraig: Nósanna Gaelacha
    Lá 6 -Stáisiun Traenach - le Scéal a insint
  • Lá 1 - Teacht go Baile Átha Cliath: Ceathrú Thaidhg

    Teacht go Baile Átha Cliath

    Ag taisteal libh, ó go luath ar maidin, tuirlingeochaidh bhur n-eitleán go hÉirinn in aerfort Bhaile Átha Cliath um nóin. Nuair a shroichfidh sibh lár na cathrach, fáilteofar romhaibh le deoch agus le cur síos ar na heachtraí le theacht.

    Do b’é Dubh Linn an t-ainm Gaelach ar an bPríomhchathair a thaithn leis na Lochlannaigh agus leis na Normánaigh, gídh gurbh fhearr le Gaeil an t-ainm Baile Átha Cliath. Úsáidtear an dá fhoirm i gcónaí.

    Tabharfar pas díbh leis an Leabhar Cheanannais, atá iomráiteach ar fud an domhain, a fheiceáil i gColáiste na Trionóide. Cóip i Laidin é seo den Tiomna Nua. Mórpheannaireacht Éireannach atá inti, imleabhar de thuairim is 680 leathanach páir tiubh searrtha, a scríobhadh timcheall 800 i.Ch..

    Tá cáil ar an leabhar toisg castacht iontach na h-ealaíne Ceiltighe maisithe. San am sin, bhí dúigh dhaite á n-iompar ag trádálaithe ó thíortha chomh fada soir le h-Afganastáin, fiú. Creidtear go ndearna beirt mhanach an obair, a raibh mar aidhm acu cinnte, go mbeadh glóir Rí na bhFlaitheas le feiscint ina lámhscríbhinn.

    Tabharfar pas isteach díbh fosta go Taispeántas Dublinia - cur i láthair iarsmaí Lochlannacha agus amhairc ar Dubh Linn meánaoisigh. Ba stáitín neamhspleách Lochlannach an chathair go dtí an bhliadhain 999 i.Ch.. Is féidir libh an saol ar bhord loinge Lochlannaighe cogaidh a bhlaiseadh. Is féidir áras cheannaí shaibhir a fheiceáil fosta agus siúl tré shráid mheánaoisigh. Taispeánann seomra seandálaíochta idirghníomhach an tochailt a rinneadh taobh libh, sa t-suíomh Lochlannach, ag an gCé Adhmaid. 

    Ceathrú Thaidhg: Baile an Chomhluadair Ghaeligh i Muigheo


    Taistealóchaidh sib, sa tráthnóna, go Ceathrú Thaidhg. S’é ard-phointe bhur gcuairt ar Éirinn an fáiltiú ó dhaoine den chultúr dúchasach – rud nár tharla mar seo ar faidh na gcéadta bliain.  

    Lóistín/Dinéar
    – i dTeaghlaigh Ghaelacha nó le Clainn Ghearmánaigh, a reachtálann brú den chéad scoth. Tá na háiseanna sa cheanntar glan agus compórdach agus tá caighdeán an lóistín sna tithe áitiúla den chineál chéanna is a bhíonn ag muinntir na háite iad féin: cuid den fíor-taithí ar Éirinn a bhfaighfidh sibh.
     
  • Lá 2 - Áras Inis Cua: Cill Lasrach: Fáiltiú stairiúil ó Ghaeilibh

    Áras Inis Cua

    Ag gabháil ó dheas díbh, tabharfar cuairt ar Áras Inis Cua ('sé "cua" ginideach an fhocail "cáe" sa tSean-Ghaeilge - a chiallaíos rian nó cosán).

    Tá sé i seilbh na clainne céanna ó aimsir an Drochshaoil. Tá Ionad Oidhreachta Clainne ar na tailte. 'Sé an t-áras deireannach den chineál sin i gContae Mhuigheo.

    I ngarraí daingean Victeoiriach, a coimeádtar go h-álainn faoi chothabháil, beidh torthaí oibir chomhluadar de dhaoine áitiúla le feiscint – glasraí orgánacha fíordheimhnithe. Gheibheann na díograiseoirí seo gach tacú ó mhuinntir an Árais.

     

    Bochtanas agus Leorgacht fá'n dTuaith - Cill Lasrach

    I ndéidh an bhéile mhearbhídh, sa tráthnóna, taistealóchaidh sibh go hIonad Oidhreachta Uí hÉineacháin, i gCill Lasrach, Béal Átha na Muice, Co. Mhaigheo.

    Tá cónaí ar Tomás Ó hÉineacháin taobh leis an mbothán iargúlta dhá sheomra seo, inar rugadh é. Le fíor-chúram, d’athchóirigh Tomás an sean-bhaile, i dtreo is go bhfuil sé anois go díreach is mar a bhíodh.

    Cuirfidh Tomás síos ar scéal trua-bhéalach a mhuinntir, a mhair ar a fheirm, san am ‘schuaigh thart, agus ar conas ar fhéad siad a mbeatha a chinntiú ar an gceithre heictéar seo. Ba ann a mhair siad ó timcheall 1870, i ndiaidh an Drochshaoil, go 1970.

    Suas go dtí na 80daí, coinníodh deich mbó bainne agus dhá chéad caoga muc ar an bhfeirm. Ach ní reachtaítear níos mó fá choinne dheiseanna gnó d’fheirmeoirí bheaga do chur ar fáil.

    Ceathrú Thaidhg - Fáiltiú stairiúil ó Ghaeilibh

    Níos déanaí, sa tSeanscoil, tabharfaidh Comhluadar Gaelach Cheathrú Thaidhg cuireadh díbh an Cultúr Ceilteach a bhlaiseadh - atá beo bríomhar má’s doiligh é teacht air.  Ar son Mhuinntir na hÁite, tahbarfaidh an Treoraí Fáiltiú, stairiúil suntasach uaidh.  Cuirfidh sé béim ar nascanna cairdis, a ligeadh le sruth ar faidh achair ró-fhada.  Díreoidh sé isteach ar tréimhsí tábhachtacha staire, don dá thír.

    Bainfidh Eiceathurasóirí taitneamh as seisiún ‘Craic agus Ceol’ sa tSeanscoil. Cuirfear tae, caife agus borróga ar fáil saor in aisce.  Fé mar a théann an ócáid chun chríche, tabharfar tairiscint d’Eiceathurasóirí saoránacht an Phoblacht Chonnachta Napoléon ath-agairte a fháil.  Bhunaigh an Gineréal Franncach, an Gineréal Humbert, an Phoblacht i 1798, an uair a bhí críoch na Banban faoi fhorghabháil ag stróinséirí.  Níor mhair an Stát ach seal goirid ach tugadh onóir don Ghineréal Humbert sa cheanntar ón am sin ar aghaidh.

    Lóistín/dinnéar: I dTeaghlaigh Ghaelachaibh, nó i dTeaghlach Gearmánach

  • Lá 3 – irc Náisiúnta Bhaile Cruaigh: Cruach Phádraig: Oileán Chliara - Caisleán na Banríona, Gráinne Uí Mháille

    Nádúr glan - Páirc Náisiúnta Bhaile Cruaigh


    ‘Tchífidh sibh Páirc Náisiúnta Bhaile Cruaigh. Clúdaíonn sí 11,000 heictéar de bhratphortach Altantaigh agus tír-raon sléibhtiúil, a chlúdaíos fásach neamháitrithe gan truailliú.

    Tá sliabhraon Néifinn Bheag mar phríomhghé ann. Tá Lochanna a’ Scardáin eadar Néifinn agus Sliabh Cor, a éiríos go 721 méadar ós cionn leibhéal na farraige.

    Beidh siúlóid éasca tríd an seanbhaile, Cathair na Mart. Annsin beidh béile agaibh, agus sibh ag éisteacht le ceol tradaisiúnta i dTigh Tábhairne Matt Molloy, ball desna ‘Chieftains’ - banna ceoil a bhfuil clú agus cáil air, ar fud an domhain. 

    Creideamh glan


    Rachfaidh sibh go Cruach Phádraig   sa tráthnóna. ‘Achan bhliadhain, bíonn oilithreacht oll-mhór suas an cnoc, in ónóir doNaomh Pádraig, Aspal Mór na hÉireann.Chaith sé daichead lá ag troscadh leis, ar an mullach, i 441 i.Ch. Tá an t-Ionad Eolais, Teach na Miasa, ar thaoibh chosán na n-oilithreach (Bóthar na Miasa), ag bun na sléibhe.

    Tosnaítear an t-siúlóid go mullach an chnoic ón bpríomh-bhóthar. Ag gabháil siar na mílte bliain, go dtí an ré págánach, tá traidisiún na hoilithreachta annseo. Leanadh ar aghaidh leis nuair a glacadh leis an gCríostaíocht. Táradhacanna fíor-áille de Chuan Mhó le feiscint ó Bhóthar na Míasa. Deineann daoine ón áit máguaird an t-siúlóid ‘achan t-seachtain.

    Go díreach trasna an phríomh-bhóthair, taobh leis an muir, tá Treoirmharc Náisiúnta an Ghorta Mhóir (1845-7 i.Ch.).

    Caisleán na Banríona, Gráinne Uí Mháille, Oileán Chliara

    day3 piratequeen

    Ar deireadh, beidh turas i mbád farantóireachta agaibh go Cliara. ‘Tchífidh sibh caisleán de chuid an fhoghlaí mhara úd, ón 16ú aois, an Bhanríon Gráinne Uí Mháille.  Saolaíodh i 1530 i.Chr. í, do Chlann Uí Mháille, atá láidir go dtí an lá atá inniu ann, ar fud chósta an Iarthair.

    Do staraithe Éireannacha na linne, ní raibh Gráinne as an ngnáth in aon chaoi. Níor cuireadh síos mórán uirthi. Thug foinsí Sacsanacha ‘foghlaí mara’ uirthi. Ba bhanríon í, ámh. Ghearr sí cáineacha ar bháid trádála agus dhéileáil sí féin leis an Mór–roinn. Fiú agus í ina girseach, ba mhian léithe dul thar sáile i dteannta lena hathair. Fá choinne seo, do bhain sí a cuid gruaige di, gur thuill sí an leas-ainm ‘Gráinne Mhaol’.

    Phósadh Gráinne dhá uair. Ar tús phós sí fear de chlainn Uí Fhlathartaigh agus, ina dhéidh sin, agus í ina baintreach, phós sí fear den chlainn Angla-Normannaigh, de Búrca. D’aimsigh sí maoin nár bheag san am sin. Bhí sí chomh mór san i mbéal an phobail, deirtear, gur fháiltigh Eilís I roimpi i Londain, le lán-ónórachaibh. Bhí Laidin ar a toil aici, ar aon dóigh le hEilís.

    Níor ghlac Gráinne ariamh le dlíthe Shacsana. Rinne sí a gnó i gcónaíi gcomhréir leis an bhFéineachas. Do chuaigh sí a dh’éag ina caisleán ag Carraig a’ Chabhlaigh i gCuan Mó, i 1603 i.Chr. Banloach í, a treise is a bhí a dílseacht don chultúr Ghaelach, a bhí ar gach aon taoibh di agus í ag fás suas ina cailín óg, meidhreach.

    Tá go leor iontas ar an oileán. Beidh sé ar bhur gcumas dul ar bhur dtoil lena bhfeiceáil. Tá Mainistir Chistéirseach ón 12ú aois ann, le múrmhaisithe deá-choinnithe. Tá oiread is deich bhfort cheann tíre (.i. tearmainn réamhstairiúla).

    Beidh cleachtadh lúchleasach ar fáil agaibh fosta – cnocadóireacht dúbhshlánach nó siúlóidí éasca. Cuirfear lón ar fáil iontu i dTeach Aíochta Uí Ghrádaidh

    Lóistín/Dinéar – I mbrú ar an oileán.

    Gailearaí

     

  • Lá 4 - Oileán Acla

    Oileán Acla (Achill Island)

    Luíonn Acaill sna farraigí a patrólaití tráth ag cabhlach na Banríona, Gráine Uí Mháille. Sroichfidh cuairteoiri an áit ar bhád ó Oileán Cliara. Le linn an aistir, tabharfar pár dóibh le síniú, a aithneofar i Laidin (teanga na n-uasal sna blianta 1500) líne uasal Gráinne agus conas ar chuir sí comhaontú síocháin le hEibhlís I i gcrích.

    ‘Sé Acaill, ar bhord fharraige an Atlantaigh, an t-oileán is mó amach ón gcósta - siar ó Chondae Mhuigh Eo. Tá an t-oileán 20 ciliméadar ar leithead agus 24 ar fhad, le daonra thart fá 2,500. Ar leacain thuaidh Shliabh Chruacháin, tá na haillte is airde san Eoraip – 600 méadar in airde. Feictear ón mhuir amháin iad, ó Cheann Acla.


         
    achill1   achill1

    Tá daoine ina chónaí ar Acaill ón tréimhse Neoliteach, a thosaíodh timcheall 10,200 r.Ch.  Tá uaigheanna Meigiliteacha suite ar leacain deisceartaigh Shliabh Mhór, ó timcheall 4,000 r.Ch.  Tá iarsmaí seandún cinntíre (bailte cloch-aoise) ar an gcósta in iardheisceart an oileáin, ag Dún Glas agus Bun na Faiche.  Deir Annálacha Loch Cé gur tháinig na hAngla-Normánaigh i dtír ar an oileán sa tríú aois déag.  (Cuireadh síos i scríobhainn, in annálachaibh mar seo, ar ócáidí stairiúla, chomh fada is a bhí an t-Siabhialtacht Ghaelach i réim.)  Is amhlaidh gur truailliú an fhocail ‘egle’ sa Mheán-Bhéarla, é ‘Acaill’ – ‘eagle’ i mBéarla an lae inndiu. 

         
    achill3   achill1

    Ba le Gráinne Mhaol an caisleán cloch taobh le Sunda Acla.  Taoiseach Farraige a bhí inti, a raibh caisleán eile aici ar Oileán Cláir.  (Vide Lá 5 den Eiceathuras).  I dteannta 200 mairnéalach, fir a clainne, ghearradh sí cáin ar soithí trádála a bhi ag obair sna faraigí laistiar dá cuid tallta.

    Sampla de Bhuaile (tithe a mbíodh ‘buachaillí bó’ ag maireachtáil iontu) an t-sráidhbhaile tréigthe ar leacain na Sléibhe Móire.  Usáidtí é i rith an tsamhraidh fá choinne fhéarach beithíoch.  Ag deireadh an tsamhraidh, théadh na daoine go tithe taobh leis an gcladach.  Mhair siad iontu agus rinne siad iascaireacht i rith an gheimhridh. Tá tionscail na hiascaireachta ag meath, ón am a chuaigh Éire istreach sa Chomhmhargadh Eorpach.  Spóirt san uisce, a bhfuil spéis iontu in Acaill, an snámh, marcaíocht toinne, marcaíocht toinne le heitleoig, dul amach i gcadhcannaibh agus canúnnaibh. 

     Heinrich Böll

    Thug Heinrich Böll (1917-1985), an t-úrscéalaí Gearmánach, a bhuaigh Duais Nobel na Litríochta, cuairt ar Acaill go minic sna caogaidí is sna seascaidí, den chéad ‘schuaigh thart.  Scríobh se síos mion-sonrai, go rí-chúramach, dá chuid taistil ar fud an oileáin ina ‘Irisleabhar Éireannach’ nó ‘Irisches Tagebuch’.  Tá Teachín Heinrich Böll suite i ngiorracht do shráidbhaile Dhumha Ghoirt.



         
    boll1   boll3

    Is féidir le scríobhnóirí agus ealaíontóirí coicís a chaitheamh i dTeachín Heinrich Böll, i dtimcheallacht chúlráidigh agus príomáidigh, i hbfad ó ghnáthchursaí an lae.  I 2002, cheannaigh Comhlachas Heinrich Böll na hAcla an teachín óna chlainn san.  Cinnteofar, mar seo, gur mar áit chónaithe d’ealaíontóirí de ‘chuile short a úsáidfrear í san am atá le theacht.  Tá teileafón ar fáil ann ach níl ceangal le sreang don idirlín. 

    Tá níos mó ná dosaen bialanna ar Acaill, le sainbhia na farraige Atlantaighe ar fáil, agus fáiltiú tradaisiúnta don taistealaí i dtithe tábhairne, scaipthe annseo is annsiúd.

     Lóistín: I mbrú ar Acaill

     

    Gailearaí

     

  • Lá 5 - Sibhialtacht ársa: Seanmhainisir i bhFothrachaibh: Dún Pádraig: Nósanna Gaelacha

    Nósanna Gaelacha i gCeathrú Thaidhg


    Tabharfar ar shiúlóid bhig sibh timcheall Cheathrú Thaidhg (a chiallaíos Ceathrú na clainne Mhic Thaidhg - clann Ghaelach uasal, gaolta le Ríthe Chonnachta). B’as teaghlaigh lán-Ghaelacha iad na daoine a mbuailfeas sibh leobhtha, don chuid is mó.

    Geobhaidh sibh taithí pearsanta arNósanna Gaelachaan cheanntair, ar an bhfeirm agus sa teach. Tá físeán ag cur síos ortha ar an suíomh idirlín - i nGaeilge, i bhFranncais, i nGearmáinis, i mBéarla, i bPeirsis agus in Urdúis (le nascanna Ind-Eorpacha a cheiliúradh). Seans go mba chumhin le cuid agaibh nósanna feirmeoireachta den chineál seo ón uair a bhí sibh óg. Tá nósanna dá leithéid inbhuaite agus eiceachairdiúil. 

    Lóistín: An Oídhche dheireannach i dTeaghlaigh Ghaelacha (Ceathrú Thaidhg) nó i dTeaghlach Gearmánach.Tá cáil mhór ar fud an domhain ar an‘Céad Míle Fáilte’Éireannach. Níl sé ar chumas éinne an ‘Céad Míle Fáilte’ Gaelach a rá ar an dóigh chéanna gur féidir leo siúd gur leo an Cultúr is an t-Sibhialtacht Ghaelach.

    Sibhialtacht ársa



    Ag taisteal díbh ar imeall Chósta Atlantach Mhaigh Eo, tiocfaidh sibh go hAchaidh Chéide. Seo an treoirmharc clochaoise is mó ar Domhan - úsáideadh ceathrú milliún tonna de clochaibh sa tógáil.

    Tugann na seanbhallaí tochailte agus iarsmaí na dtithe le fios go raibh comhluadar feirmeoireachta annseo 5,000 bliain ó shoin, sular clúdaíodh ‘chuile rud ag an bportach. Rinneadh dátú radacharbóin le h-aois phlandaí, a fuarthas sáinithe ag leibhéil éagsúla doimhneachtha, a dheimhniú. ‘Sé an tírdreach iniata (.i. fá choinne talamhaíochta) is sine san Eoraip.

    Tá clár taighde ollscoile á leanstain ar an suíomh: tá obair mhór thábhachtach le déanamh go fóill. Tá na carraigeacha máguaird truairim is 300–600 milliún de bhlianta d’aois. 

    Mainistir na Maighdine 



    Rachfaidh sibh go suíomhanna stairiúla in aice láimhe, thart ar Bhaile Chill Ala. Fianaise láidir na háiteacha seo den chreach lábáin a thagas ar fhearaibh de thairbhe choimhlinte mharbhthaighe. Le coimhlintí den chineál seo, is ea d’eascair bagairt don t-siabhialtacht agus don t-slí bheatha Éireannaigh - atá ann i gcónaí i nGhaeltacht Mhaigheo agus i nGaeltachtaí ar fud na tíre.

    Thóg Clann de BúrcaMainistir mhór na Maighdine. De bhunadh Normánach (de Burgo) iad, den dream a tugtaí ‘Seanghaill’ air. Ghlac na Proinnsiasaigh Observantacha seilbh ar an áit. Lean siad siúd Ord N. Proinnsias go beacht.

    Cheadaigh an Pápa Nioclás V an mhainistir i 1460. Tógtha sa stíl Éireannaigh Gotaigh Déanaigh, seasann an mhainistir ag béal Abha na Maighe. Tá an abha seo go mór i mbéal na ndaoine mar an áit is fearr in Éirinn do shlatiascaireacht bradán.

    Sa bhliain 1981, scannánadh ‘Bliain na bhFranncach’, i gCill Ala. Léiríodh teacht i dtír ann, i mí Lúnasa na bliana 1798, an Général Humbert ag Cé Chill Chomáin. A aidhm, ag seoltóireacht ón bhFrainnc dó, dul i ngleic leis na Sasanaigh. Ceiliúradh an ócáid seo i 1998, nuair a nascadh Cill Ala leis an mbaile Franncach Chauvé, suite i Loire-Atlantique.

    Dóadh an mhainistir i 1590, ag Sir Richard Bingham, in aimsir Eilí I.  Ag an am, bhí an t-sainfhéiniúlacht Éireannach faoi bhagairt. Ba dhainséarach an rogha bheith Catoiliceach agus ní bheadh stádas dleachtúil ag duine a labhródh an Ghaeilge.

    Dún Pádraig




    Ag pilleadh libh go cósta thuaidh Mhuigheo, goDún Pádraig, ‘tchífidh sibh poill séideáin oll-mhóra, snoite ag tonntracha tréana ó scaireanna carraiage.


    Tá ceann desna poill seo suite 300 méadar ón gcósta.

     


    Gailearaí

     

  • Lá 6 - Stáisiun Traenach - le Scéal a insint

    Stáisiún Iarnród Choillte Mach

    Buailfidh sibh isteach i Stáisiún Iarnród Choillte Mach. Tá sé druidte mar stáisiún anois. Tógadh i 1894 é, le deisceart agus lár na tíre a nascadh le chéile.

    Fá’n am sin, ní raibh greim a thuilleadh ag Éirinn Ghaelaigh ach ar na ceanntair b’iargúlta. Sa bhfoirgneamh seo ceiliúraítear díl-chuimhne ar an bhfile áitiúl, ró-thábhachtach agus dall, Antoine Ó Raifteirí (1784-1835). Ceiliúraítear fosta eachtraí na bhfear cáiliúl a d’oibrigh go dian i Sacsain agus a fuair clú agus cáil sa bhailéad McAlpine's Fusiliers, sna ‘60aí den chéad seo caite. Do ráinigh Comhlucht McAlpine annseo ar laethe aonaigh, sna ‘40aí agus sna ‘50aí, ag earcadh oibrithe bochta ón áit chun bóithre a thógáil thall.

    Tá meirge de chuid Chonradh na Talún san Iarsmalainn, a cuireadh sa phortach ar faidh dathad bliain, lené do choiméad slán. Bunaíodh Conradh na Talún sa bhliain 1879, d’éis an Drochshaoil. B’iarracht ró-chontúirteach í seo, arís eile, chun an ruaig a chur ar na Sacsanaigh agus an talamh a thabhairt ar ais dosna feirmeoirí – i gcomhréir le ceart bunúsach i nDlí na nGael, .i. sa bhFéineachas.

    Níor ghlac feirmeoirí Éireannacha ariamh le tionóntacht mar phrionsabal dhleachtúil. Sna blianta beaga ‘schuaigh thart fiú, achtaíodh reachtaíocht {An Bille um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 2005, m.sh.} a thabharfadh deis do dhuine a bhunchíos a cheannach thar barr amach.

     

    Imtheacht: Aerfort Iarthar Éireann.

     
FaLang translation system by Faboba