Clò-bhuail

Gnéithe de Chultúr in Éirinn

1. Réamheolas

Do chuidigh timcheallacht glan an oileáin seo, tamall fada ó shoin, le múnlú cine a mba mhór leis ní hamháin an t-saoirse ach an neamhspleáchas. Sa chéad áit, tagann cultúr ó shraitheanna eitneacha éagsúla – Ceilteach (Gaelach), Lochlannach, Normánach, Sacsanach, Éireannach gallda agus, sna blianta beaga anuas, ó threibheanna ó gach cearn den Domhan. Tá tioncar mór angla-mheiriceánach ar saol laethiúil na hÉireann sa lá atá inniu ann: maireann an tioncar Ceiltach an uair nach mbíonn coimhlint ina choinne.

Cialaíonn ‘cultúr’ rudaí éagsúla, ar ndóchaigh. Ní féidir a rá go bhfuil difríochtaí gur fiú trácht ortha idir aicmí sóisialta ná ceanntair éagsúla. Níl áit ar bith sa tír bhig seo níos faide ná caoga míle ón mhuir. Coinnítrear blasanna áitiúla, a bhí ann roimh an ré Normánach. Sonraíodh limistéir na gCondaetha ag na Normánaigh. Aithnítear limistéir Ghaelacha níos sinne, a bhain le ríochtaí ársa, in áiteachaibh.

Athraíonn an Cultúr. Eascraíonn a chuid tréithe ón saol sóisialta agus eacnamaíochta. Níl cuimhne ar rudaí a tharla fadó ag an aos óg. Mar sin, is féidir ligint de shlí bheatha, a bhí ann leis na céadta bliadhain, taobh istigh de ghlún amháin. Fórsaí a chuirfeadh bac ar athrú mar sin, is ea an traidisiún agus an cumha I ndéidh an t-seanama.

In amannaibh, bíonn Gael-mheiriceánaigh ag súil le tír talamhaíoch a fheiceáil annseo, ina labhraíonn daoine an Béarla le blas portaíochta. Is fíor go labhraíonn Éireannaigh de bhunadh Cheilteach amhlaidh (gidh go bhfuil meath ar seo, le brú ón gcianamharcán idirnáisiúta). Ach tá an geileagar tionsclaithe ar fad faoi seo.

2. Múineadh Bhanríon Eilís Sacsana agus Uachtarán Obama na SAM

Le linn a cúirte annseo i mí Bealtaine, 2011, léirigh an Bhanríon Eilís cé chomh maith is ar thuig sí stair agus cultúr na hÉireann. Go séimh, thosaigh sí ag caint ar fheabhas Éireann, i nGaedhilg, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, leis na focla; ‘A Uachtaráin agus a Chairde...’, le blas agus infhilleadh gan locht. Is féidir breathnú ar sliocht den chúirt ríoga sa bhfíseán ag: anseo. Go hionraic ‘achan rud adubhairt, ‘achan rud arinne. Bhain a cúirt áit seasmhach amach i gcroí ‘chuile dhuine de bhunadh na nGael. Ní fhéadfadh le duine ar bith eile ach í, Banríon dá líne clainne, cion agus ard-meas a fhanfadh go deo linn a thuilleamh. Do thug sí cuireadh dúinn bheith cáirdiúil lena cuid géilllsineach agus muinn bródúil as ár gcultúr agus teanga. Is gnó dúinn é a cuireadh a thuigbheáil agus glacadh leis sa tslí uasal inar tugadh é.

Roinnt laethe d’éis imeacht na Banríona, labhair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá le daoine óga i bhFaiche a’ Choláiste, i mBaile Átha Cliath. Ina stíl galanta féin, do chuir sé i n-iúl don Domhan go bhfuil cultúr dár gcuid féin againn agus go bhfuil muinn dílis dár dteangain ársa. Adubhairt, i nGaedhilg, maille lenár ndearcadh ar deacrachtaí eacnamaíochta atá le theacht: “Is féidir linn!, gur tugadh bualadh bos dá chuid comhairle san. Le fírinne, is tré smaoineamh ar slite beatha ár sinsir gur is fearr a thuigfimid ár bhféiniúlacht agus go bhféadfaimid déaláil leis na dúthláin a thiocfas an treo.

In áiteachaibh eile ar an suíomh seo, tugtar eolas ar stair Cheiltigh 5,000 bliadhain ar fud na Mór-roinne. Tagann an t-eolas seo ón mbéal-oideas, ón teangeolaíocht is ónár ADN (Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach). Tá dualgas orainn oideachas a thabhairt don aos óg, ionas gur féidir leis an fhéiniúlacht uasal, gur leis-sean amháin í, a shealbhú. De réir na Rómhánach, an míniú a bhí le educatio tarraingt amach an chumas carachtair sa duine. Is mar seo ar fhéad siad féinsmacht agus carachtar a fhorbairt ann is gur fhéad sé dul chun chinn a dhéanamh.

3. An Ghaedhealg

Ó taoibh na teangeolaíochta de, is deirfiúireacha an Gàidhlig is an Ghaelg (.i. an Mhanainis), a bhfuil dlúth-bhaint eadartha. Is colceathaireacha iad leis an nGaeilge an Bhreathnais, an Chornais agus an Bhriotáinis. Do labhair Galátaigh na hAnatóile sa Túirc, a scríobh N. Pól roinnt litreacha chucu, teanga Cheilteach. Do rinne muinntir Pholannach i Galicja amhlaidh agus muinntir Spáinneach i Galicia chomh maith. Teangacha Ind-eorpacha iad na teangacha Ceilteacha. Ag an am gcéanna, tá nascanna ann le hEabhrais, Araibis, Amazigh (Beirbeiris) – agus Igbo na Nigéire, fiú.

Le fonn, choinnigh Éire, Alba agus Oileán Mhanann teanga liteartha caighdeánach ar faidh ní ba mhó ná míle bliadhain. Gheibhtear an an céad srian den Ghaedhilg, timcheall ar 400 i.Ch.. Tharla forbairt teangeoaíochta mar a leanas: Sean-Ghaedhealg c650-900 i.Ch., Méan-Ghaedhealg c900-1200, Ghaedhealg Luath nua-aimsearhta c1200-1600, agus Ghaedhealg nua-aimsearhta c1600-.

Scríobhadh an litríocht ba sine, ó thuaidh desna hAilp, i nGaedhilg. Tá traidisiún liteartha gan bhriseadh aici, thar ceithre mhíle céad déag bliadhain. Scríobhtha i 597 i.Ch., ‘sé ‘Amra Choluim Cille’ an téacs is ársa gur féidir é a dhátú go cinnte. Cóipeanna desna Soiscéail i Laidin iad na luath-lámhscríobhainni Éireannacha. In amannaibh, ag ligint a scíth dóibh óna gcuid saothair chruaidh, scríobhadh na manaigh dánta ar imill leathanaigh sa lámhscíobhainn, mar atá le feiceáil in Ollscoil Würzburg na Gearmáine.

Sna bliadhanta 1600 agus 1700, do b’í an Gheadhealg a teanga a labhair muinntir uilig na hÉireann. Fá 1835, toisc torthaí an choilínithe, do bhí an pobal Gaelach geartha siar go ceithre mhilliún. I rith an Ghorta Mhóir sna blianta déanacha 1840, bhí galldú riachtanach sa choimhlint chun mharthana. Fá 1891, bhí 680,000 cainteorí Gaedhilge fágtha.

I nDaonáireamh 1991 – sna seacht Gaeltachtaí Oifigiúla – bhí 56,469 cainteoirí Gaedhilge. Agus iad fá bhainistíocht den scoth, léirigh an stáisiún radio, Raidió na Gaeltachta, agus an stáisiún teileafíseáin, TG4, an tairbhe atá le fáil ó thábhacht ár gcultúr ársa a aithint. ‘Sé Raidió na Life stáisiún spiesialta na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. Tá méadú ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaedhilge uirbeacha. I suirbhéaracht a rinne Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann i 1993, dúirt 9% de dhaoine gur labhair siad Gaedhealg i gcaidreamh sa tseachtmhain a chuaigh thart.

Ó bhain an Stát Éireannach neamhspleáchas amach ó Shacsain, bhí polasaithe éagsúla aige leis an teanga náisiúnta a chur chun chinn. Mar shampla, tugann Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, an ceart don duine déaláil le heagrais Stáit i nGaedhilg nó i mBéarla. I bpraitic, sáraítear na polasaithe seo níos mionca ná mar a gcuirtear i bhfeidhm iad. Cuireann tromlach as cuimse den chosmhuinntir luach ar leith ar an nGaedhilg mar phríomhtheanga na tíre agus mar ghnéith thábhachtach dár n-oidhreacht.

Léirigh an Daonáireamh i 2002 go raibh cumas éigin ag 43% den phobal i labhairt na Gaedhilge, ach nár labhair ach 2.6% de ar bhonn laethiúil í. Is fiú é a chur faoi dear, i measc páistí eadar 3-4 bliadhain d’aois, gur mhéadaigh an céatatán díobh siúd a labhair an teanga ar bhonn laethiúil ó 4.6% i 1996 go 5.4% i 2002.

4. Ainmneacha do Pháistí

Go ginearálta, bíonn tábhacht ag baint le hainmneachaibh Críostaí agus clainne. Tugtar an t-ainm Críostaí go coitianta le honóir a thabhairt do sheantuismitheoirí agus daoine eile muinteartha. Léiríonn an t-ainm clainne ginealach na clainne agus an áit inar mhair siad san aimsir Ghaelaigh. Tá sé thar a bheith tábhachtach d’fheirmeoirí an t-ainm clainne a choimeád ar fheirmeachaibh (ach ní do reachtóirí).

Sa lá atá inniubh ann, ámh, ní tugtar aird ar sinsearacht i gcónaí. Ní Críostai na hainmneacha Críostaí in ammanaibh agus ar an gcaoi céanna is féidir nach léiríonn siad nascanna cultúrtha ná clainne ar scor ar bith. Is féidir fosta go rachfaidís i ngleic le hainmneacha clainne fiú. Go deimhin, is féidir nach mbeadh eolas ar bith ag tuismitheoir(í) ar cár as ar tháinig an chlann. Chun chur le sin, tá míniú an fhocail ‘clann’ neamhchinnte anois.

Mar sin féin, tá ainmniú linbh i gcónaí tábhachtach. Nuair atá structúir clainne agus muinteartha lag, bíonn na nascanna idir ghlúin lag agus téann an cultúr comhluadair i laige. Go minic, ainmnítear páistí de réir seanthaithí tuismitheoirí. Mar shampla, tógann amharc ar teilifísean áit idirghabhála sóisialta go pointe áirithe. Is ábhar díospóireachta é, goidiad impleachtai nósanna den chineál seo do ghnéithe na féiniúlachta náisiúnta, san am atá le theacht.

5. An Cumann Luath-chleas Gael (GAA)

Tá an Pheil Ghaelach agus an Iománaíocht mar mhaidí mullaigh an spóirt amaitéirigh in Éirinn. ‘Sí an iománaíocht an cluiche is mó scil dá short ar Domhan. Imrítear í le camán. Téann an sliotar ar luas suas le 120msu.. Is féidir an cluiche a rianú siar na mílte bliadhain, agus deintear tagairt dó sa bhFionnscéalaiocht. Le brú a chur ar an gcultúr Gaelach, fógraíodh tráth dá raibh go mbeadh imirt an chluiche i gcoinne an dlí. Le roinnt blianta anuas, éiríonn le Cill Chionnaigh san iománaíocht ag an leibhéal condae is aoirde. Léiríonn an Féineachas gur rialaíodh an Pheil ar a laghad ón 8ú aois ar aghaidh. Imríonn mná Peil agus saghas iománaíochta a tugtar camógaíocht uirthi. ‘Sí Páirc an Crócaigh an staidiam is mó ag an gCumann, a bhfuil spás ann do níos mó ná 80,000 daoine.

Taobh amuigh de chluichí peile agus iománaiochta, eagraíonn an Cumann cluichí liathróid láimhe agus corr. ‘Sé an t-eagras is treise dá shórt sa tír, ar leibhéal áitiúil. Dá bharr, cuireann sé gnéithe go léir an chultúir Éireannaigh chun chinn. Tá an-mheas ar sacar agus rugbaí fosta, ar lúchleasa raoin agus faiche, dornálaíocht, rás capall, iascaireacht liathróid láimhe agus galf.

6. Creideamh agus Feallsúnacht

Bhí na Ceiltigh tugtha don argóint déaduchtaigh riamh. Le linn ré an lae inniubh, d’fhás an Catoiliceachas go láidir ar fhréamhachaich feallsúnachta na réamh-Chríostaíochta. Ghabhamar le Tradaisiún Naobhtha, nár athraigh le 2,000 bliadhain anuas. ‘Sé bun-phrionsabal an Ghraidh gan Choinníoll an t-ancaire. De bharr ‘rialú eaglasta le tadhall éadrom’ (.i. briseadh Toil Dé) ag an Eaglais Institiúidigh, le blianta anuas, taispeánadh go poiblí cailliúint an chultúir Ghaeligh agus na Foirtile – ag an am gcéanna. Chuidigh siad seo, sa t-seanam, le neamhspleáchas loighiciúil, tréan na Cosmhuintire. Tá freastal ar an Aifreann ar an Domhnach tar éis titim fá 30%, ar a laghad don am i lathair.

Bhí meas ar chothromaíocht sa bhFéineachas. B’fhéidir go bhfeictear seo sa mhéad mhór daoine Éireannacha a chuidíos le daoine eile, sa tír seo agus thar lear, atá ar an ngan chuid. Baineann an coincheap tradaisiúnta ar aicmí sóisialta le caractar seachas maoin. Ní mar an gcéanna an córas polaitiúil atá againn, é gan a dhóthain srianta agus ceartúcháin, is an córas a cuireadh deireadh leis ag na hionróirí Normánacha feodacha i 1172. Deirtear in amannaibh go mbíonn daoine annseo ‘i gcoinne an Rialtais’. Is féidir go gceapann siad go bunúsach gur iarsma coilíneach an córas reatha.

Gan bhalla dóiteáin an chultúir Ghaelaigh, d’eascraigh deacrachtaí rialtais idir spioradálta agus tuata. Chuaigh ní hamháin athchultúrú ina luí orainn ach, le déanaí, díchultúrú. Ábhar díospóireachta an tarna próiséis seo, feiniméan domhanda de réir cosúlachta. Ar aon nós, ‘thiocfadh linn freagracht as ár gcuid institiúidi, atá fá stiúrú an duine, a ghlacadh agus iad a chur i gceart. Ag gearán gan leasúcháin do chur i gcrích, taispeáinimid seasamh gan chultúr taobh thiar de.

Daoine de bhunadh Shacsanach iad, a chuir fúthu in Éirinn, na Protastúnaigh d’Eaglais na hÉireann. Mar Anglacánaigh, is sraith thábhachtach íad, i sochaí na tíre. Sampla maith í fosta, de conas is féidir le dhá thraidisiún maireachtáil, ar mhaithe lena chéile, an idirghabáil idir an tsraith seo is an tromlach.

Ba mhian leis an tromlach sna Sé Condae (Preispitéirigh don chuid is mó) fanacht amach uainn, faoi bhrat na Breataine. Ag an am gcéanna, dúirt an t-Oirmeach Ian Paisley go raibh seanstair againn lena chéile, agus go dtagann cuid mhaith de hainmneacha clainne Preispitéireacha ó Ghàidhlig na hAlban. I ndeireadh thiar thall – níl sainmhíniú simplí don bhfocal ‘Briotánach’ – atá ceangailte le Ceilteachaibh réamh-Rómhánachaibh.

Tá ar na himircigh go Éirinn le blianta beaga anuas, Catoilicigh, Ortadocsaigh, Protastúnaigh (ciacu ag claoi le tradaisiúin Chríostaí atáid nó ag brath ar an mBíobla amháin), Moslamaigh (Shiaigh, Sunnaígh, Alabhíthe, Subhthaithe 7rl), Hiondúigh, Búdaígh, aindiachaithe agus agnóisithe. Tá ar reiligiúin dul i ngleic le tuairimí nua annseo, ar nós dí-eaglaiseachais, a mbíonn bonn feallsúnachta in easnamh ortha de ghnáth (ach ní i gcónaí). Abhar díospóireachta é, an nós cinneadh a dhéanamh ar cheisteana mhóra an t-saoil gan údarás loighciúil nó gan chúram fiú.

7. An Geileagar

Chruthaigh Kevin Gardiner, eacnamaí ón Ríocht Aontaithe, an focal ‘Tíogar Ceilteach’ i 1994, agus é ag cur ceannródaíocht eacnamaíochta na tíre seo, mar a facthas dó í, i gcomparáid le Tíogar-geileagair (mar dhea) na hÁise. Is minic a léitear an meafar annseo agus thar lear. Bíonn tioncar ag fostaíocht ar chultúr, ar ndóchaí.

Go mall sna blianta 1980, go timcheall 2003, b’ineall cumasach, iomaíoch, táirgíochta an fórsa oibre Éireannach. Níor thuigeadar, i sraitheanna arda an t-saoil phoiblí ámh, an fhéinsmacht a bhí riachtanach i ngort na gníomhaíochta úire a bhí tarlú. Chuir siad le fás ollmhór tógála ó timcheall 2002, a bhí ag brath ar fhoinsí airgid shaoir, gan teorainn, ar iasacht ón Eoraip. D’fhás OTI (.i. GDP) 6% le haghaidh na bliana ó 1995 go 2007. Le linn an tréimhse seo, d’fhás praghasanna réadmhaoine ní ba mhire in Éirinn ná in aon gheileagar fhorbartha eile.

Ó thaoibh na tithíochta de, tá céatadán ard d’úinéirí lonnaitheacha in Éirinn. Le linn an ré Ghaelaigh, ba leis na daoine a dtalamh fhéin. Luach eile é seo a mhair i gcónaí. Mar thoradh ar spásphleanáil áitiúil gan rath uirthi, tá fabhbanna sóisialta, eacnamaíochta agus ailtireachta, a bheas ann go deo.

I 2008, d’éis na titime a bhí eacnamaithe neamhspleácha ag súil leis, do ráthaigh an Rialtas taiscí i mbainnc (go tobann agus roimh dóibh eolas a fháil ar na fiacha a bhí taobh thiar desna bannaí i gceist). Ag druidim le deireadh 2010, glacadh le hairgead ar iasacht mar ‘bail-out’ ón AE agus an CAI (Ciste Airgeadais Idirnáisiúnta), le rátaí úis nár laghdaíodh go mí Iúil, i gcomhtéacs trioblóidí na Gréige.

Tá sé mar dualgas ar cháin-íochóiri na tíre seo sealbhóirí bannaí an Aontais a shábháil. Ós rud é gur ‘sóisialaíodh’ na fiacha seo (.i. tugadh don cháin-íochóir iad), bhí gá leis an iasacht chun loiceadh ar fhiacha fhlaithiúnais a sheachaint. Glacadh le plean déine ceithre bhliadhain, chun an t-easnamh tiachóige de €20bn a ghearradh siar. Níor tugadh aird go fóill ar droch-fhiacha inmheánacha (morgáistí don chuid is mó).

Fá dheireadh an deich mbliain seo caite, bhí tuairim is 2.5% den ioncam náisiúnta ag teacht ón Talamhaíocht, 34% ó Thionsclaíocht (Tógáil san áireamh) agus 45% ó Sheirbhísí Eile (Cíosanna san áireamh). Bhí thart fá 120,000 daoine ag obair i dTalamhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht. Agus bhí thart fá 280,000 ag obair i dTionsclaíocht Táirgíochta (rud beag níos mó ná an méad fostaithe i dTógáil).

Chruthaigh na hearnáileacha seo go háirithe, bonn seasamhach eacnamaíochta do lucht oibre a sheas ag ní ba mhó na 2,000,000. Le linn na mblianta 1990, ghóthaigh an Tíogar Ceilteach (mar dhea) barrachas trádala bliantúil, bhí an ráta boilscithe ag titim agus mhéadaigh an caitheamh tomhaltais. Sheas an ráta dífhostaíochta ag 12% i 1995 ach mhéadaigh sé ó shoin go thar 14% ag an bpointe scríobhtha seo.

‘Sí an earnáil easportála, agus na comhluchtaí ilnáisiúnta go tiubh inti, atá i gcroí-lár fás eacnamaíochta: tá barrachas trádála á ghnóthú arís againn. De réir tuairiscí oifigiúla, ámh, do thit caighdeáin san oideachas go tobaisteach. Tá 3,000 mhíte postanna ann nach féidir iad a líonadh ag an am seo, toisc iarrathóirí oillte sa teicneolaíocht faisnéise a bheith in easnamh. Díotáil i gcoinne an chóras oideachais í seo agus is ábhar díospóireachta é.

8. Craic (Caidreamh agus Siamsaíocht shóisialta)

De bharr neamhfhoirmiúlachta dea-mhúinte an cultúir in Éirinn, labhraíonn daoine lena chéile to héasca. B’fhéidir gur féidir an neamhfhoirmiúlacht seo a fheiceáil sa mhéad nach raibh ariamh foirmeacha ar leith sa teangain don bhfocal ‘tú’ (cosúil le ‘tu’ agus ‘vous’ sa bhFrainncis). [Tá an ghnéith seo caillte sa Bhéarla, ach amháin i gcanúintí.] De réir nósanna uirbeacha agus tuaithe, beannaíonn daoine dá chéile, fiú muna bhfuil aithne acu ar an duine eile. Glacadh le gean a thaispeáint ar duine go poiblí mar nós ón Mór-roinn. Tá greann, géire intinne liteartha agus stíl mhaith chomhráite tábhachtach do dhuine gur mian leis ainm a bhaint amach dó fhéin. Ón ré Gaelach ar aghaidh, is triail aclaíocht intinne í i gcónaí, páirt a ghlacadh i gcaidreamh a mbeadh greann dubh ann.

9. Na hEalaíona

Baill mór le rá iad sa tsochaí aisteoirí, ceoltóiri agus ealaíontóirí. Tá cion ag daoine ar slite beatha, a bhaineas le ceol, aisteoireacht, amhránaíocht, damhsadh agus cumadh ceoil agus scéal. Tá, ar roinnt d’ealaíontóirí sa lá inniubh, atá oillte i bhfoirmeacha ealaíne Mheiriceá Thuaidh, nó idirnáisiúnta, na bannaí ceoil U2 agus Westlife (popcheol), Van Morrison, Rory Gallagher agus Phil Lynnott (rac-cheol), Daniel O'Donnell (ceol tíre Mheiriceá) agus James Galway (ceol clasaiceach). Bhain ‘The Chieftains’, ‘Dé Danann’ agus ‘Clannad’ ard-mheas amach ar fad an Domhain ar gach séanra de cheol tradaisiúnta na hÉireann. D’éirigh go hidirnáisiúnta leis an seó ‘Riverdance’, ar faidh i bhfad le Michael Flatley i gceannas ar an damhas. Ar an raon mór ócáidi cultúrtha, tá Fleadh Ceoil Joe Mooney, i gCondae Liatroma, agus Fleadh Ealaíona na Gaillimhe. Maille le scannáin, chuidigh stiúrthóirí amhail le Neil Jordan agus Jim Sheridan le seasamh idirnáisiúnta an tioscail a dhaingniú. Aisteoirí thar barr iad Pierce Brosnan, Brendan Gleeson, Cillian Murphy, Liam Neeson agus Stephen Rhea.

I go leor tíortha, fágtar ar leathaoibh na healaíona tradaisiúnta nó úsáidtear iad chun cúlra bréagach tuathúil a chruthú ar mhaithe le turasóirí. In Éirinn, go mórmhór le treisiú muiníne ar na mallaibh de bharr forbairt eacnamaíochta, tháinig na healaíona chun chinn.

Tharraing an athbheochan liteartha, a d’eascraigh san 9ú aois déag, sean-tradaisiúin na litríochta Gaelaighe agus scríobhadh nua i mBéarla le chéile. Cuireadh litríocht Angla-éireannach ar a tháinig as an meascadh seo. Ar na scríobhnóirí a mba mhó cáil, le linn an chéid ‘schuaigh thart, bhí Éireannaigh, dála a leanas: W. B. Yeats, George Bernard Shaw, James Joyce, Samuel Beckett, Frank O'Connor, Seán O'Faoláin, Seán O'Casey, Flann O'Brien, agus Seumus Heaney.

10. Foinsí Eolais

  1. Clancy, Patrick, Sheelagh Drudy, Kathleen Lynch, and Liam O'Dowd, eds. Irish Society: Sociological Perspectives , 1995.
  2. Curtin, Chris, Hastings Donnan, and Thomas M. Wilson, eds. Irish Urban Cultures , 1993
  3. CIA World Fact Book
  4. Finfacts – Ireland’s Business and Finance Portal
  5. Government of Ireland, Central Statistics Office, Principal Statistics.
  6. Government of Ireland, Department of Foreign Affairs. Facts about Ireland
  7. Embassy of Ireland, Singapore
FaLang translation system by Faboba